Skip to Main Content

Irish and Irish American Studies

A guide to NYU resources for Irish Studies researchers and instructors.

Foinsí na Gaeilge: Achoimre

Tá bailiúchán méid mheasartha ag Leabharlann na hOllscoile Nua-Eabhraic maidir le foinsí Gaelacha. Is féidir scagaire a dhéanamh faoi láthair ar thorthaí an innill cuardach i mbreis agus fiche teanga ach níl an Ghaeilge ina measc. Mar sin is deacair a rá go cinnte cé mhéid leabhar sa Ghaeilge atá le fáil. Is fadhb mhór í: cé go bhfuil cód MARC ann a bhaineann leis an nGaeilge, níl rogha Gaeilge ann mar scargaire ar suíomh WorldCat ach oiread. 

Ach má dhéantar cuardach ar ainmneacha na bhfoilsitheorí is coitianta sa Ghaeilge, tá sé indéanta liosta neamhiomlán a dhéanamh ar leabhair Gaeilge atá sa leabharlann. Baineadh úsáid as liosta na bhfoilsitheoirí i nGaeilge atá anseo agus eochairfhocail mar "cló" agus "cumann" chun an cuntas seo (578 leabhar) a chur chun chinn: